Fiontar @ Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh, Samhain 2008
Mar chuid den mhodúl ar Mhodhanna Taighde, bhí mic léinn Fiontar thíos ag Oireachtas na Gaeilge 2008 le déanaí, ag déanamh suirbhé ar chaiteachas na gcuairteoirí a bhí ag an ócáid.
Cé go raibh sceideal trom sóisialta ag na mic léinn, d'éirigh leo suirbhé cuimsitheach a dhéanamh agus rinne siad anailís ar na torthaí nuair a d'fhill siad ar Ríomhlanna Fiontar i DCU.
Mar atá le feiceáil sa ghriangraf, bhí Des Bishop sásta cabhrú leo agus suirbhé a líonadh amach!



