Aoife Ní Dhrisceoil (Fiontar '07) i dTuarascáil Fiontraíochta GEM
Bhí Aoife Ní Dhrisceoil, céimí de chuid Fiontar, ar dhuine de na fiontraithe a roghnaíodh le próifíl a scríobh fúthu sa tuarascáil Global Entrepreneurship Monitor (GEM) 2007. Roghnaíodh Aoife toisc an rath iontach atá ar an táirge Elevease atá aici.Tháining an smaoineamh faoin Elevease Shower Step chuig Aoife nuair a bhí sí i mbliain a dó den chéim a rinne sí le Fiontar. Cabhraíonn an táirge go mór le bearradh, glanadh agus donnúchán bréige na gcos. I mbliain na céime chuir sí plean gnó le chéile, d’fhorbair sí an smaoineamh agus bhunaigh sí Concepts Plus Ltd chun an Shower Step a fhorbairt.
Tháinig sí ar ais ar cuairt chuig mic léinn Fiontar ar 20 Deireadh Fómhair 2008 agus d’inis sí a scéal agus chuir sí comhairle ar na mic léinn a bheidh ag tosú ar phlean gnó i Feabhra 2009!
Cliceáil anseo chun féachaint ar an Tuarascáil GEM 2007 (1Mb PDF)



