Post: Ceannasaí Margaíochta agus Forbartha le Stillwater Communications
Oideachas: BA (Idirnáisiúnta) Gaeilge agus Tíreolaíocht (2000)
MSc i nGnó & Teicneolaíocht an Eolais (2001) le Fiontar DCU
Tar éis an choláiste, bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh dul isteach i ngnó éigin, rud éigin cruthaitheach go háirithe: is taobh níos beomhaire den ghnó a bhí sa mhargaíocht domsa.
Ghlac mé post in Airgeadas agus Seirbhísí Custaiméara in L’Oréal chun mo chos a fháil sa doras, mar go raibh a fhios agam go mbeadh roinnt margaíochta i gceist ann. Chaith mé timpeall sé bliana ansin, agus arduithe céime á dtabhairt dom go dtí go raibh mé i mo Bhainisteoir Táirge. Chuala mé scéal ansin go raibh deacracht ag stiúrthóir Stillwater duine le taithí mhaith margaíochta a labhair Gaeilge a aimsiú. Rinne mé teagmháil leis, agus taobh istigh de choicís bhí post á thairiscint acu dom. Is cinnte go raibh tionchar ag an deis Gaeilge a úsáid ar mo chinneadh glacadh leis an bpost seo, mar bhí mé i gcónaí ag iarraidh a bheith in ann an Ghaeilge a thabhairt isteach i mo shaol oibre.